An Céad fhaoistin




Rinne an dá rang a dó an Céad fhaoistin ar an 4ú lá de Márta. D’fhoghlaim muid alán paidreacha agus rinne muid dráma sa séipéal. Rinne muid ealaín álainn freisin. D’fhéach an séipéal go hálainn. Tháinig ár dtuismitheoirí agus gaolta. Bhí cór na scoile ag canadh. Ba oíche an-speisialta é.

Tá ár dara Sacraimint déanta againn anois.


Ealaín-Rinne muid Robots





Rinne muid robots i rith mí Feabhra. Bhí muid an-sásta leo. Rinne muid plean ar dtús agus d’úsáid muid ábhair athchúrsála chun iad a dhéanamh. Ar deireadh thug muid ainm dóibh agus thug muid abhaile linn iad.

Rang a dó Caitríona


Is muide rang a dó. Tá ochtar is fiche in ár rang. Tá muid fíor-ghnóthach i mbliana mar go bhfuil muid ag déanamh ár gcéad chomaoineach. Beidh sé ar siúl i mí Bealtaine. Táimid ag súil go mór leis. Gach mí bíonn aifreann speisialta againn sa séipéal. Crochann muid pictiúir sa séipéal agus canann muid amhráin. Gach seachtain déanann muid léamh Có-pháirtíoch. Tagann tuismitheoirí isteach chun cabhrú linn. Is breá linn dánta, ealaín, ag canadh, ag damhsa agus tá muid go hiontach ag seinnt an feadóg. Tá go leor poirt ar eolas againn.

Rang a dó Fionnuala



Fáilte do rang a dó! Is rang iontach muid lán le ceóltóiri, ealiontóiri, scriobhneoiri srl! An tearma seo bhi muid an ghnóthach ag fáil réidh don chéad fhaoistin, bhi sé againn ar an 4ú Márta agus bhi oiche an specialta againn.
Chomh maith leis sin tá an obair déanta againn ar an 'Write a book project'.
Thug muid cuairt ar an féile scoil drámaiocht in Indreabhán fad is a bhi muid ag cur ár dráma beag féin le chéile don chead fhaoistin.
Nil na heachtrai ach ag tosnú mar sin bigi linn. San go fóill!