Gas Gerry!

Seo an Rang sa halla le Gas Gerry
ó "Mad Labs"





SEO RANG A DÓ AG OBAIR GO DÍON AR SCOIL:)

Rang a Dó (Daithí)




Seo togáil a bhí déanta ag na páisti sa rang. Tá an-obair déanta againn leis an tógáil. Féach orthu nach bhfuil said go deas?

Tá 30 páiste i Rang a 2. Is bliain an-speisialta dúinn é mar beidh muid ag déanamh ár gCéad Fhaoistin agus ár gCéad Chomaoineach. Beidh an Chomaoineach ar siúl ar an 10ú Bealtaine. Táimid ag súil go mór leis! Tagann an tAthair Micháel isteach chugainn gach seachtain chun cabhrú leis an ullmhúchán.
Gach lá bíonn muid ag obair go crua. Tosaíonn muid le léitheoireacht ar maidin agus ansin déanann muid na hábhair eile. Bíonn corpoideachas agus ealaín againn gach seachtain. Is breá linn a bheith ag déanamh drámaíocht chomh maith. Beidh muid ag dul go Baboró ar an Déardaoin chun dráma a fheiceáil sa Dubhlann. Gach seachtain roghnaíonn muid cluiche ar leith agus spraíonn muid sa chlós é..